Number of paid employees:
11-20 employees
Current board size:
7
Annual turnover:
€1,000,000 - €5,000,000
Not-for-Profit focus:
Arts, Culture, Heritage, Science, Local Community Development
Not-for-Profit structure:
Company Limited by Guarantee
I 2014 ceapadh Glór na nGael mar cheanneagraíocht Gaeilge, ceann den sé cheanneagraíocht maoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá freagracht ar leith ag Glór na nGael i dtrí réimse oibre, forbairt na Gaeilge sa teaghlach, forbairt na Gaeilge i measc grúpaí pobail agus forbairt na Gaeilge i measc grúpaí fiontraíochta agus gnó.
Bunaíodh Glór na nGael sa bhliain 1961 mar uirlis forbartha teanga tríd chomórtas idir grúpaí pobail. Ba é Cumann na Sagart a bhunaigh Glór na nGael agus is cinnte go n-aithneodh na bunaitheoirí sin go bhfuil Glór na nGael dílis i gcónaí dona bunphrionsabail bréis agus caoga bliana i ndiaidh a bhunaithe. Taobh le taobh leis an chomórtas pobail tá foireann Ghlór na nGael, 17 duine acu, ag obair i ngort níos leithne ná riamh.
Fís Ghlór na nGael: Go mbeidh an Ghaeilge in úsáid mar theanga phobal.
An Misean: Tá Glór na nGael tiomanta chun tacú le húsáid agus le forbairt na Gaeilge ag leibhéal an phobail. Déantar é seo trí phobail a chumasú chun cláir a reáchtáil a bheidh mar thacaíocht dóibh i ngach réimse den saol.
Luachanna agus Prionsabail:
1. Feidhmiú ar leas an phobail agus ar leas na Gaeilge.
2. feidhmiú de réir pleananna agus spriocanna intomhaiste.
3. Comhpháirtíocht dhearfach a chothú le heagrais ghaolmhara teanga agus cultúir.
4. Ionracas augs trédhearcacht.
5. Ardchaighdeán agus gairmiúlacht.