Every role listed on our website is voluntary, unremunerated (not paid), and based in Ireland.
Rúnaí
An Eagraíocht:
Teastaíonn ón Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, cur lena Bord deonach Stiúrthóirí le daoine atá díograiseach agus cruthaitheach agus a bhfuil a gcroí i bhforbairt na hamharclannaíochta Gaeilge. Tá Rúnaí á lorg ag an mBord i láthair na huaire.
Is gearr go mbeidh an institiúid cultúir íocónach Gaeilge seo, An Taibhdhearc, céad bliain ar an bhfód agus tá áit shuntasach agus ar leith ag an Amharclann i samhlaíocht chainteoirí Gaeilge ar fud oileán na hÉireann agus ar fud an domhain ó bunaíodh í sa bhliain 1928. Óna ceanncheathrú chlúiteach i gcroílár chathair dhátheangach na Gaillimhe, tá tacaithe ag an amharclann leis an iarracht ealaíonta ar fud an iliomad foirmeacha ealaíne a thuilleann aitheantas sa bhaile agus thar lear.
An Ról:
Bord An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, ag lorg Rúnaí
Is duine lárnach an Rúnaí i ndeá-feidhmiú an Boird agus na heagraíochta. Táimid ag lorg duine eagraithe agus leis an t-am atá ag teastáil don ról tábhachtach seo.
Baineann na dualgais seo a leannas leis an ról, chomh maith le dualgais eile a thiocfaidh chun cinn i rith an tréimhse trí bliana:
- Prótacal Chomhaltaí Nua a chur i bhfeidhm.
- Prótacal do Chruinnithe a chur i bhfeidhm.
- Cuntas a choinneáil ar na Cruinnithe Boird agus aon chomhfhreagras leis an mBord
- Oibriú leis na Stiúrthóirí agus an Cathaoirleach le cinntiú go bhfuil gach uile rud i gceart leis an Rialaí Carthanas, bunaithe ar Phrótacal An Rialaí Carthanas.
- Oibriú leis na Stiúrthóirí agus an Cathaoirleach le cinntiú go bhfuil na Polasaithe uilig, sa Phacáiste Ionduchtú agus Taifead ar na Baill suas chun dáta.
- Tacú leis an gCisteoir ar an iniúchadh bliantúil.
- Ról comhairliúcháin don Chathaoirleach.
Tá sé riachtanach go mbeadh taithí ar Bord ag an iarrthóir a roghnófar.
Fáiltíonn muid ach go háirithe roimh iarrthóirí le taithí/ cáilíocht ábharach i réimsí gairmiúla a mbaineann le riarthóireacht.
Tá sé riachtanach go mbeadh na comhaltaí nua ábalta tabhairt faoi ghnó go léir an Bhoird i nGaeilge. Tá cuireadh á thabhairt do dhaoine ar fud oileán na hÉireann agus go hidirnáisiúnta.
Is trí bliana tréimhse an téarma agus bíonn sé chruinniú Boird ar an sceideal bliantúil.
Cruinnithe Boird:
Bíonn sé chruinniú boird sa bhliain ar siúl ar Satharna ó 10.00 rn go 2.00 i.n., lena n-áirítear lón. Meascán de chruinnithe ar líne agus cruinnithe san amharclann (An Taibhdhearc, i gcathair na Gaillimhe) a bhíonn i gceist, cé go bhfuil cruinnithe pearsanta níos inmhianaithe.
Tacaíonn Coistí Boird le hobair Bhoird:
• Coiste Iniúchta agus Riosca,
• Coiste Straitéis agus Forbartha,
• Coiste Ealaíon
Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu ann Curriculum Vitae (CV) agus litir chumhdaigh aon leathanach amháin a chur ar fáil. Ba chóir cur síos a dhéanamh sa litir ar thaithí, ar scileanna ábhartha, agus ar a spreagadh a bheith ar Bhord na Taibhdheirce.
Is Bord comhdheiseanna é Bord na Taibhdheirce agus fáiltítear roimh iarratais ó gach aicme den phobal.