Skip to main content

Every role listed on our website is voluntary, unremunerated (not paid), and based in Ireland.

Cathaoirleach

An Eagraíocht:

Teastaíonn ón Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, cur lena Bord deonach Stiúrthóirí le daoine atá díograiseach agus cruthaitheach agus a bhfuil a gcroí i bhforbairt na hamharclannaíochta Gaeilge. Tá Cathaoirleach á lorg ag an mBord i láthair na huaire.

Is gearr go mbeidh an institiúid cultúir íocónach Gaeilge seo, An Taibhdhearc, céad bliain ar an bhfód agus tá áit shuntasach agus ar leith ag an Amharclann i samhlaíocht chainteoirí Gaeilge ar fud oileán na hÉireann agus ar fud an domhain ó bunaíodh í sa bhliain 1928. Óna ceanncheathrú chlúiteach i gcroílár chathair dhátheangach na Gaillimhe, tá tacaithe ag an amharclann leis an iarracht ealaíonta ar fud an iliomad foirmeacha ealaíne a thuilleann aitheantas sa bhaile agus thar lear.

www.antaibhdhearc.com
 

An Ról:

Bord An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, ag lorg Cathaoirleach 

Is duine lárnach an Cathaoirleach i stiúradh an Bord agus an eagraíocht. Táimid ag lorg duine leis an díograis agus an t-am atá de dhíth don ról tábhachtach seo. Táimid ag lorg duine le cumas láidir ceannaireachta.

Baineann na dualgais seo a leannas leis an ról, chomh maith le dualgais eile a dtiocfaidh chun cinn i rith an tréimhse trí bliana:

  1. Cruinnithe Bord a stiúradh. 
  2. Ballraíocht an Bhord a choinneáil éifeachtach agus éifeachtúil.
  3. Freagrach as feidhmiú an Bhord i rialachas agus deá-chleachtais.
  4. Freagrach as feidhmiú éifeachtach agus dleathach an eagraíocht. 
  5. Freagrach as idirghníomhú le eagrais seachtracha, ina measc ach ní srianta go dtí an Companies Registration Office, An Rialálaí Carthanas, an dlídóir, An Comhairle Cathrach, An Comhairle Contae, An Roinn.
  6. Freagrach as cinntiú go bhfuil cáipéisí Bord suas chun dáta agus an An Taifead ar gach Coinbhleacht Leasa a choinneáil suas chun dáta.
  7. Duine do úrlabhraí an Bhord agus an eagrais.

Tá sé riachtanach go mbeadh taithí ar Bhord, mar Chathaoirleach nó i ról eile, mar shampla Rúnaí nó Cisteoir, agus taithí shuntasach bhainistíochta/ cheannaireachta ag leibhéal cuí ag an iarrthóir a roghnófar.

Fáiltíonn muid ach go háirithe roimh iarrthóirí le taithí/ cáilíocht acmhainní daonna agus/ nó taithí/ cáilíocht dlí.

Tá sé riachtanach go mbeadh na comhaltaí nua ábalta tabhairt faoi ghnó go léir an Bhoird i nGaeilge. Tá cuireadh á thabhairt do dhaoine ar fud oileán na hÉireann agus go hidirnáisiúnta.

Is trí bliana tréimhse an téarma agus bíonn sé chruinniú Boird ar an sceideal bliantúil.

Tiocfaidh deireadh le tréimhse an Chathaoirligh reatha i mí Iúil 2026. Tá súil go mbeidh an t-iarrthóir a roghnófar ar fáil le páirt a ghlacadh i dtréimhse aistrithe leis an gCathaoirleach reatha i rith mí Bealtaine agus Meitheamh 2026.

Cruinnithe Boird:

Bíonn sé chruinniú boird sa bhliain ar siúl ar Satharna ó 10.00 rn go 2.00 i.n., lena n-áirítear lón. Meascán de chruinnithe ar líne agus cruinnithe san amharclann (An Taibhdhearc, i gcathair na Gaillimhe) a bhíonn i gceist, cé go bhfuil cruinnithe pearsanta níos inmhianaithe.
Tacaíonn Coistí Boird le hobair an Chathaoirligh:
• Coiste Iniúchta agus Riosca,
• Coiste Straitéis agus Forbartha,
• Coiste Ealaíon

Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu ann Curriculum Vitae (CV) agus litir chumhdaigh aon leathanach amháin a chur ar fáil. Ba chóir cur síos a dhéanamh sa litir ar thaithí, ar scileanna ábhartha, agus ar a spreagadh a bheith ar Bhord na Taibhdheirce.

Is Bord comhdheiseanna é Bord na Taibhdheirce agus fáiltítear roimh iarratais ó gach aicme den phobal.

 

 

Cathaoirleach

Last Updated on

Expires on 19.06.2026

Share this job now